An tAthair Ó Domhnaill i bhí ina chónaí sa chomharsanacht, bhí sé míorúilteach, bhí daoine ag teacht chuige as achan áit. Dhéanadh sé urnaí os a gcionn nó loite ar dhóigh inteacht. Bhí dóchas mór ag na daoine ann. Chaill sé a chos féin ina dhiaidh sin, bhí sé i gcathaoir rothaí. Léadh sé Aifrinn agus stáisiúin na croise sna tithe do dhaoine.